cur
(Verbal Noun VTI)

Bhí a choinsias ag cur isteach chomh mór sin air is nach raibh pléisiúr laghad aige san oilithreacht sheachtainiúil go tobar Bhacais lena chomrádaithe. 🔊

Bhí oibrithe amach ina intinn aige go raibh am aige le cur eile a chur ar clár agus ansin go dtiocfadh leis slán a fhágáil ag an chuideachta agus a bhealach a dhéanamh a fhad leis an Jasmine Palace, áit a dtiocfadh leis curaí a fháil féin agus chop suey do Sarah, cuid eile de dheasghnátha na hAoine. 🔊

Bhí a n-aird ar an bhiachlár ghealbhuí fána lán mílitriú agus bhí siad ag cur is ag cúiteamh eatarthu féin cad é a cheannódh siad ar na pinginí a bhí fágtha acu. 🔊

Bunús na bhfear, bhíonn ag cur bhuartha orthu ach iad féin agus na cairde agus a gcuid piontaí." 🔊

Frequency index

Alphabetical index